Maidir Linne

About The Digital Hub

Is éard atá sa Mhol Digiteach ná braisle, nó grúpa cuideachtaí, atá chun tosaigh in Éirinn ó thaobh na teicneolaíochta de, agus ó thaobh na meán digiteach de.

Soláthraímid spás d'fhiontair dhúchasacha agus dhomhanda, chun scálú suas agus forás a éascú. Táimid tiomanta do chlú agus cáil na hÉireann a chur chun cinn mar imreoir domhanda in earnáil na teicneolaíochta agus in earnáil an inneachair dhigiteach.

Gníomhaireacht Stáit Éireannach

Tá an Mol Digiteach á bhainistiú ag an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach. Is gníomhaireacht stáit é seo a bhunaigh Rialtas na hÉireann in 2003. Tá an Mol Digiteach á stiúradh ag an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach, agus cuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm an straitéis forbartha fiontair agus campais atá ag an Mol. Chomh maith leis sin, éascaíonn sé agus cuireann sé leis an bhforbairt uirbeach i gceantar na Saoirsí, agus tacaíonn sé le treoirthionscadail atá ríthábhachtach d'fhorbairt leanúnach an earnáil dhigiteach in Éirinn.

Déan Teagmháil Linn

Déan Teagmháil Linn

Tá aitheantas ag an nGaeilge mar theanga oibre oifigiúil den Aontas Eorpach. Tacóidh an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach le haon duine atá ag iarraidh dul i dteagmháil linn trí mheán na Gaeilge.

Déanaimid cinnte de go bhfreagraítear i nGaeilge aon litir nó aon ríomhphost a fhaighimid trí Ghaeilge. Má tá coinne agat, freagróimid aon ghlaoch fóin nó aon chuairt phearsanta i nGaeilge. Ach fiú mura bhfuil coinne agat, déanfaimid ár ndícheall freastal ort i nGaeilge.

    Téigh i dTeagmháil Linn

    Táimid ag súil go mór le cloisteáil uait.

    Tar Chugainn

    Tabhair cuairt ar ár gcampas i mBaile Átha Cliath.

    Seoladh

    Gníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach,
    An Mol Digiteach,
    Baile Átha Cliath 8,
    D08 TCV4,
    Éire.

    Déanaimis Comhrá

    Cuir Glaoch Orainn

    +353 1 480 6200

    Bíonn na línte fóin ar oscail Luan go hAoine, ó 9 AM go dtí 5 PM

    Cuir Ríomhphost Chugainn

    info@thedigitalhub.com

    Tuarascáil Bhliantúil

    Tá sé de dhualgas orainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ár dTuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Cliceáil anseo chun ár dTuarascálacha Bliantúla a léamh.