BAINISTEOIR OIBRÍOCHTAÍ AGUS TIONSCADAL

Apply now

Tá an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach (DHDA) ag iarraidh Bainisteoir Oibríochtaí agus Tionscadal a earcú chun seachadadh Áiseanna agus Bainistíocht Maoine mar aon le gníomhaíochtaí gaolmhara a threorú.

Mar chuid dár bhfoireann shinsearach bainistíochta, tuairisceoidh tú don bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus comhoibreoidh tú go dlúth leis an bPríomhoifigeach Airgeadais. Táimid lonnaithe i gceantar stairiúil na Saoirsí i mBaile Átha Cliath, áit a ndéanaimid maoirseacht ar an Mol Digiteach a chuireann spásanna solúbtha ilúsáide d’oifigí agus d’imeachtaí ar ardchaighdeán ar fáil i meascáin eicléicteach d’fhoirgnimh thionsclaíocha agus stairiúla. Tá campas bríomhar againn chun eagraíochtaí teicneolaíochta agus cruthaitheacha a fhorbairt, agus sinne ag obair ar mháistirphlean níos leithne chun tírdhreach Bhaile Átha Cliath 8 a athbheochan.

Do Ról

Táimid ag lorg Bainisteoir Oibríochtaí agus Tionscadal cumasach a bhfuil taithí phraiticiúil oibríochta 5 bliana ar a laghad aige in áiseanna nó i mbainistíocht réadmhaoine (nó taithí ábhartha bainistíochta tionscadail a dhéileálann le foirgnimh /bonneagar fisiciúil). Baineann tascanna éagsúla leis an bpost in-tí seo  – beidh tú freagrach as seirbhísí ar conradh a bhainistiú chun tacú le hoibríochtaí leanúnacha agus réimse tionscadal spéisiúil de scálaí éagsúla a chur chun cinn. Beidh gá le scil chun gníomhaíocht a thuar agus buiséid a bhainistiú, de réir mar a dhéanann tú cumarsáid éifeachtach le raon leathan páirtithe leasmhara.

Cad atá á lorg againn:

– Taithí oibríochtúil 5 bliana ar a laghad ar bhainistíocht áiseanna, réadmhaoine, nó ar bhainistíocht tionscadail ábhartha a bhaineann le foirgnimh/bonneagar fisiciúil.

– Cur chuige réamhghníomhach, inoiriúnaithe i leith gnáthoibríochtaí lá go lá agus punann tionscadal araon a bhainistiú.

– Grinneas a chuireann ar do chumas gníomhaíocht agus caiteachas a thuar agus a bhainistiú go héifeachtach.

– Scileanna cumarsáide chun raon leathan páirtithe leasmhara a choinneáil ar an eolas agus chun teagmháil a dhéanamh leo.

– Spéis i bheith mar chuid dár misean braisle fiontraíochta rathúil, bríomhar a chothú chun cuideachtaí teicneolaíochta agus cruthaitheacha a chur chun cinn agus chun athghiniúint uirbeach a éascú i gceantar na Saoirsí.

Chun tuilleadh eolais níos mionsonraithe a fháil ar an ról, ar na téarmaí agus ar an bpróiseas iarratais, déan teagmháil le John Deely ag Pinpoint (Recruit@pinpoint.ie,  (01) 642 5721). Dáta Deiridh: 5pm, Dé Luain  25 Meán Fómhair 2023.

Mar Fhostóir Comhdheiseanna atá tiomanta go hiomlán dár nDualgas Earnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, spreagaimid spéis agus iarratais faoi fhorais uile an Achta um Chomhionannas Fostaíochta.